Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Mar a théann an euro chun sochair duit

14 Samhain 2018 (nuashonraithe an 11 Nollaig 2023)

Tá tú ar dhuine de thart ar 350 milliún duine a roinneann aon airgeadra amháin. Is cuid thábhachtach de do shaol laethúil é an euro – tá sé i do thiachóg agus i do chuntas bainc. Ach tá i bhfad níos mó i gceist leis ná modh áisiúil íocaíochta. Ligeann sé duit airgead a choigilt agus a infheistiú go muiníneach. Fágann sé go bhfuil sé níos éasca cónaí i dtír eile sa limistéar euro agus a bheith ag obair agus ag staidéar ann. Agus cabhraíonn sé leat do chuid uaillmhianta agus spriocanna a bhaint amach.

Tá an euro ann le 25 bliain anois agus, i rith an ama sin, tá sé cruthaithe gur airgeadra cobhsaí iontaofa é. In éineacht le bainc cheannais thíortha an limistéir euro, tugann BCE aire don euro ionas gur féidir leat a bheith muiníneach go bhfuil do chuid airgid slán sábháilte, agus ionas gur féidir leat tairbhe a bhaint as na buntáistí ar fad a bhaineann leis an euro – anois agus amach anseo.

Cobhsaíocht agus rathúnas

Is mian leis an gcuid is mó de dhaoine post maith a bheith acu a thacaíonn leo féin agus lena dteaghlaigh. Braitheann gach duine againn ar airgead cobhsaí agus ar chóras baincéireachta fónta chun cabhrú linn ár dtodhchaí a phleanáil.

Is é sin an áit a dtagann BCE isteach. Oibrímid chun praghsanna a choinneáil cobhsaí, rud a thugann muinín do dhaoine infheistíocht nó coigilteas a dhéanamh. Is réamhchoinníoll í cobhsaíocht praghsanna le haghaidh rathúnais agus todhchaí atá cobhsaí ó thaobh an gheilleagair de agus ar féidir pleanáil a dhéanamh ina leith. Ciallaíonn praghsanna cobhsaí go gcoinneoidh do chuid airgid a luach agus gur féidir le cuideachtaí infheistiú agus fás.

Luach na haontachta

Ní airgeadra amháin atá sa euro. Tá an chaoi a ndéanaimid gnó athraithe aige, agus tá sé ina dhlúthchuid dár bhféiniúlacht anois, agus pobail éagsúla daoine ar fud an limistéir euro á n-aontú aige. Is foinse chompoird agus slándála é, agus cuireann sé i gcuimhne dúinn gur cuid de chomhluadar Eorpach níos mó muid.

Táimid tagtha le chéile chun an bloc trádála is mó ar domhan – an tAontas Eorpach – a chruthú agus chun an margadh aonair don Eoraip a chruthú. Tá dul chun cinn déanta ag an euro ar lánpháirtiú na hEorpa trí chur ar chumas daoine sa limistéar euro leas a bhaint as an margadh aonair.

Déanann an euro éasca é

Is féidir leat an t-airgead tirim euro i do thiachóg a úsáid i 20 tír san Aontas gan airgead a athrú, rud a fhágann go bhfuil ré na dtáillí malartaithe thart. Déanann an euro níos simplí agus níos saoire é cónaí sna tíortha sin nó taisteal go dtí iad. Cuireann sé ar chumas tomhaltóirí comparáid dhíreach a dhéanamh idir praghsanna agus íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh. Cuidíonn sé freisin le hábhair imní gnólachtaí faoi rátaí malairte a laghdú.

Oiriúnach don todhchaí

Is airgeadra é an euro a fhorbraíonn in éineacht le riachtanais airgeadais agus roghanna athraitheacha shaoránaigh na hEorpa, mar shampla trí nótaí bainc sábháilte agus íocaíochtaí digiteacha tapa áisiúla a chur ar fáil.

Sa BCE, coinneoimid do nótaí bainc euro sábháilte agus slán trína gcosaint ar ghóchumadóirí. Is mian linn freisin go mbeidh ár nótaí bainc chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir agus go mbeidís níos cuimsithí ó thaobh aoise agus cúlra maidir le muintir na hEorpa. Sin an fáth a bhfuil nótaí bainc euro á n-athdhearadh againn.

Chun go mbeidh ár gcuid airgid slán i bhfad na haimsire, táimid ag ullmhú freisin do euro digiteach a d’fhéadfadh a bheith ann. Cosúil le hairgead tirim, chuirfeadh euro digiteach ar do chumas íocaíochtaí tapa a dhéanamh ar fud an limistéir euro gan costais bhreise.

Cinnteoidh an obair sin gur féidir leat leanúint de thairbhe a bhaint as an euro san am i láthair agus amach anseo.

An raibh an méid seo ar eolas agat?

Tá praghsanna sa limistéar euro níos cobhsaí ó tugadh isteach an euro 25 bliain ó shin.

Ón 1 Eanáir 1999, tá boilsciú ag 2.09 % ar an meán. Is coinníoll riachtanach iad praghsanna cobhsaí chun go mbeidh rath ar dhaoine agus ar an ngeilleagar.

I dteannta a chéile is fearr sinn.

A bhuí leis an gcobhsaíocht a chuirtear ar fáil leis an euro, tá sé níos fusa gnó a dhéanamh. Cuireann sé seo le rathúnas níos fearr do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon.

Tá an limistéar euro ar cheann de na geilleagair is mó agus is láidre ar domhan.

I dtéarmaí OTI in aghaidh an duine, tá an limistéar euro sa dara háit i measc na ngeilleagar is mó ar domhan.

Tá an euro ar cheann de na hairgeadraí is tábhachtaí ar domhan.

Tá ról tábhachtach ag an euro go hidirnáisiúnta. Go deimhin, is é an dara hairgeadra is mó a úsáidtear ar domhan chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt.

Tá tacaíocht láidir ann don euro i measc an phobail.

Léirigh torthaí shuirbhé Eorabharaiméadair le déanaí go dtacaíonn thart ar triúr as gach ceathrar sa limistéar euro leis an euro.

Siombail d’aontacht na hEorpa is ea an euro.

Tugann an euro braistint chómhuintearais dúinn. Meabhraítear dúinn go bhfuilimid aontaithe i gcónaí agus aghaidh á tabhairt againn ar athruithe agus ar dhúshláin.