Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad is róleachtacht ann?

28 Nollaig 2017 (An nuashonrú is déanaí: 31 Deireadh Fómhair 2023)

Cuireann roinnt uirlisí beartais airgeadaíochta airgead isteach sa chóras baincéireachta. D’fhéadfadh níos mó airgid a bheith ar fáil mar thoradh air sin ná mar a bheadh ag teastáil ó na bainc. Tugaimid “róleachtacht” ar an airgead seo. Caithimis súil níos géire ar a bhfuil i gceist leis sin agus ar an áit as a dtagann róleachtacht.

Ar an gcéad dul síos, cad is leachtacht ann agus cén áit as a dtagann sé?

Tagraíonn “leachtacht” don airgead atá i seilbh na mbanc tráchtála. Coinnítear roinnt leachtachta mar airgead tirim i ndaingin na mbanc féin ach is airgead é den chuid is mó a choimeádann siad i gcuntais leis an mbanc ceannais. Is minic a dtugtar “cistí an bhainc ceannais” ar na cistí leachtacha sin atá i seilbh bainc thráchtála i mbanc ceannais.

Cuireann banc ceannais leachtacht ar fáil den chuid is mó trína oibríochtaí beartais airgeadaíochta. Sa Bhanc Ceannais Eorpach, is iad sin ár n-oibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ár gceannacháin sócmhainní.

Cén úsáid a bhaintear as leachtacht?

Úsáideann na bainc an leachtacht sin chun a n-oibleagáidí gearrthéarmacha amhail íocaíochtaí agus aistarraingtí custaiméirí a chomhlíonadh. Úsáideann siad é freisin chun na ceanglais cúlchistí íosta atá leagtha síos ag na bainc cheannais a chomhlíonadh.

I gcás na mbanc ceannais, is bealach tábhachtach é an leachtacht a chuireann siad ar fáil – go háirithe an méid di agus an costas – chun tionchar a imirt ar dhálaí an mhargaidh airgeadais agus chun beartas airgeadaíochta a tharchur.

Má tá níos lú leachtachta ar fáil nó má tá sé níos costasaí, beidh tionchar aige sin ar chinntí na mbanc maidir leis an méid airgid a thugann siad ar iasacht agus na coinníollacha faoina bhfaigheann siad iasacht. Tagraíonn saineolaithe don mhéid sin mar choinníollacha maoiniúcháin níos doichte.

Agus le coinníollacha maoinithe níos doichte agus rátaí úis níos airde, tá drogall níos mó ar dhaoine agus ar ghnólachtaí iasachtaí a fháil agus dá réir, ídíonn siad níos lú nó infheistíonn siad níos lú. Mar thoradh air sin, fuaraíonn an geilleagar agus tagann boilsciú anuas.

Tá a mhalairt fíor freisin. Nuair a bhíonn níos mó leachtachta ar fáil ar chostas níos ísle do na bainc, bíonn daoine agus gnólachtaí níos sásta iasachtaí a fháil. Spreagann an maolú seo ar choinníollacha maoinithe iasachtú bainc agus cuireann sé borradh faoin ngeilleagar.

Mar sin, más leachtacht é sin, cad is róleachtacht ann?

Róleachtacht a thugtar ar airgead sa chóras baincéireachta a bhíonn fanta tar éis do bhainc thráchtála ceanglais shonracha a chomhlíonadh chun íosleibhéil cúlchistí a choinneáil. Ní mór do bhainc na cúlchistí íosta sin a bheith acu chun dliteanais áirithe a chumhdach, taiscí custaiméirí den chuid is mó. Coinníonn siad na cistí sin ina gcuntas reatha lena mbanc ceannais náisiúnta.

Is féidir leis an róleachtacht sin sreabhadh timpeall an chórais baincéireachta de réir mar a dhéanann bainc gnó lena chéile.

Cén fáth a bhfuil róleachtacht sa chóras baincéireachta?

Tráth cinniúnach a bhí i ngéarchéim airgeadais na bliana 2008. Roimh an ngéarchéim, mheasfadh an Banc Ceannais Eorpach cé mhéad leachtachta a bhí ag teastáil ó chóras baincéireachta an limistéir euro ina iomláine agus chuirfeadh sé an méid ábhartha airgid ar fáil do na bainc ina dhiaidh sin. Rinneadh é sin trí iasachtaí a cuireadh ar fáil trí oibríochtaí athmhaoinithe rialta. Ansin dhéanfadh na bainc tairiscint ar na hiasachtaí díreach mar a dhéanfaidís i gceant. Dá n-éireodh le banc lena chuid tairiscintí, d’fhéadfadh sé a riachtanais a chlúdach nó an t-airgead a thabhairt ar iasacht do bhainc eile faoin phróiseas ar a dtugtar “iasachtú idirbhainc”.

Ach tar éis thitim Lehman Brothers, bhí níos lú agus níos lú muiníne ag na bainc as a chéile. Agus d’éirigh siad as ag tabhairt airgead ar iasacht dá chéile go bunúsach. In aimsir mhímhuiníne den sórt sin, bhí fonn orthu dul i muinín an bhainc ceannais mar gurbh é an t-aon fhoinse leachtachta iontaofa a bhí ann. Chuadar i mbun tairiscintí níos déine dá réir i gceantanna athmhaoiniúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus bhrúigh sin na rátaí úis ar iasachtaí suas sa phróiseas. Mar sin, ag an bpointe sin, d’athraigh an Banc Ceannais Eorpach go dtí an méid leachtachta a bhí ag teastáil ó na bainc a chur ar fáil ar ráta seasta (ar a dtugtar “leithroinnt iomlán ar ráta seasta”). Ar ndóigh, i gcomaoin air sin, b’éigean do na bainc dóthain comhthaobhachta a sholáthar mar ráthaíocht i gcoinne an mhéid a bhí á iarraidh acu.

Faoin gcóras nua sin, bhraith na bainc go raibh sé níos fearr níos mó leachtachta a éileamh ná mar a bhí ag teastáil uathu. Thosaigh níos mó agus níos mó banc ag “cnapaireacht” leachtachta ar fhaitíos na bhfaitíos. Agus d’iarr an córas baincéireachta ina iomláine níos mó leachtachta ná mar a bhí fíor-riachtanach chun oibleagáidí gearrthéarmacha agus ceanglais cúlchistí íosta a chomhlíonadh. Chruthaigh sé sin róleachtacht sa chóras baincéireachta.

Is féidir le bainc thráchtála a róleachtacht a thaisceadh sa bhanc ceannais, i gcuntas reatha nó i saoráid taisce an bhainc ceannais. Is í Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chinneann an ráta úis ar an tsaoráid taisce, atá ar cheann dá trí ráta beartais. Is é nialas an ráta úis a íoctar ar iarmhéideanna cuntais reatha.

Mar sin, cá seasaimid anois leis an róleachtacht seo?

Is féidir le bainc fós an leachtacht ar fad atá de dhíth orthu a fháil faoinár gcóras leithroinnte iomlán ar ráta seasta, atá fós i bhfeidhm.

Tháinig méadú breise ar feadh tréimhse ar mhéid na leachtachta barrachais sa chóras baincéireachta, mar gheall ar cheannacháin sócmhainní an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus oibríochtaí athmhaoiniúcháin spriocdhírithe níos fadtéarmaí.

Leis na cláir cheannaigh, cuireadh maolú airgeadaíochta níos mó ar fáil tráth nárbh fhéidir rátaí úis a laghdú a thuilleadh. Ach ó mhí na Samhna 2022 i leith, is lú agus is lú an róleachtacht atá ann. Is mar gheall, go príomha, go bhfuil na cistí a fuarthas ar iasacht inár n-oibríochtaí athmhaoiniúcháin spriocdhírithe níos fadtéarmaí á n-aisíoc ag na bainc de réir a chéile é sin. Cúis eile is ea go bhfuil sealúchais a phunanna urrús beartais airgeadaíochta á laghdú ag an Eurochóras ó mhí an Mhárta 2023 i leith. 

FÉACH FREISIN

Faigh tuilleadh amach faoi ábhar gaolmhar