Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cuairteanna eile

Turais ar phríomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An féidir liom dul ar turas chuig príomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh?

Níl turais á reáchtáil faoi láthair. Is é an aidhm atá againn lenár dturais treoraithe codanna éagsúla de phríomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh a thaispeáint don phobal. Tugaimid léargas ar stair agus ar ailtireacht an fhoirgnimh do rannpháirtithe agus faigheann siad blaiseadh den atmaisféar oibre atá ann sa Bhanc Ceannais Eorpaigh. Tá stadanna éagsúla ar an turas lena n-áirítear an Großmarkthalle stairiúil, Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, an t-ardán, an láthair comhdhálacha agus an t-ionad preasa.

Turas fíorúil ar an Ionad Cuairteoirí

An féidir liom turas a dhéanamh ar Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar Google Street View?

Is féidir. Déan an turas fíorúil (https://goo.gl/maps/gfQT5j6yw2M2) agus féach ar an ionad cuairteoirí cibé áit a bhfuil tú. Má tá gléas cinn VR agat, cuir ort é chun eispéaras níos réadúla a fháil!

Conas is féidir liom an turas fíorúil a dhéanamh le gléas cinn VR?

Íoslódáil aip ‘Google Street View’ ar d’fhón moibíleach (iOSAndroid). Cuardaigh European Central Bank agus roghnaigh ceann de na grianghraif oifigiúla den Bhanc Ceannais Eorpach ina léirítear an taobh istigh den fhoirgneamh. Brúigh an t-íocón VR ag barr an leathanaigh ar thaobh na láimhe deise chun an VR a thosú. Ceangail d’fhón le do ghléas VR agus ar aghaidh leat!

Bailiúchán ealaíne an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Cad é cnuasach ealaíne an Bhainc Ceannais Eorpaigh?

Tá na céadta pictiúr, líníochtaí, grianghraf, dealbh agus déantán sa chnuasach ealaíne atá againn ar an láthair. Féadfaidh tú ár nAip saor in aisce ECB Art (iOSAndroid) a íoslódáil ar d’fhón cliste nó ar do tháibléad agus an cnuasach a fheiceáil ar do chompord cois teallaigh.

Conas is féidir liom cuairt a thabhairt ar an gcnuasach ealaíne?

Déan teagmháil le Kulturothek más maith leat turas treoraithe a chur in áirithe.

Cuimhneachán ag Großmarkthalle Frankfurt

Cad é an cuimhneachán ag Großmarkthalle Frankfurt?

Is cuid de Mhúsaem Giúdach Frankfurt é an Cuimhneachán ag Großmarkthalle Frankfurt atá lonnaithe i bpríomhfhoirgneamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cuid an-dorcha de stair ár bhfoirgnimh is ea é gur baineadh úsáid as íoslann an Großmarkthalle sa Dara Cogadh Domhanda mar phointe tionóil do nach mór 10,000 Giúdach. Aistríodh na daoine sin ón íoslann ar traein go dtí sluachampaí géibhinn agus sluachampaí díothaithe. Leis an gcuimhneachán ag Grossmarkthalle Frankfurt, cuimhnímid ar an gcoir sin agus ar shuntasacht stairiúil na láithreach.

Conas is féidir liom cuairt a thabhairt ar an gcuimhneachán?

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar an gCuimhneachán ach turas a chur in áirithe le Músaem Giúdach Frankfurt.

Taispeántas Elsaesser

Cad é Taispeántas Elsaesser?

Ba é an t-ailtire Martin Elsaesser a dhear an Großmarkthalle a tógadh le linn 1926 agus 1928. Le taispeántas Elsaesser, tugtar ómós dá chuid oibre agus do stair shuntasach an Großmarkthalle. Halla margaidh mórdhíola a bhí sa Großmarkthalle i dtosach aimsire. Bhí sé ar cheann de na foirgnimh ba mhó in Frankfurt tráth agus ba é an t-aon struchtúr coincréite treisithe saor é ar domhan.

Conas is féidir liom cuairt a thabhairt ar Thaispeántas Elsaesser?

Is féidir leat cuair a thabhairt air ach turas a chur in áirithe le Fondúireacht Elsaesser. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thaispeántas Elsaesser, féach Großmarkthalle Frankfurt.