Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

Mar institiúid Eorpach, tá ról le himirt againn i gcosaint an chomhshaoil agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Chun ár bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú agus ár lorg carbóin a laghdú a mhéid is féidir, ghlacamar beartas comhshaoil in 2007 agus táimid cláraithe leis an Scéim Eorpach um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) ó 2010 i leith.

Léigh tuilleadh
IN 2022

D’FHEABHSAÍOMAR ÁR bhFEIDHMÍOCHT CHOMHSHAOIL

tríd an Eurotower a théamh le bithghás in ionad gáis nádúrtha

trí bhearta breise coigilte fuinnimh a chur i bhfeidhm

trí thuairisciú ráithiúil inmheánach bhreise ar ár lorg carbóin a thabhairt isteach chun faireachán agus stiúradh níos fearr a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht chomhshaoil

trí beagnach 2,000 m2 d’fhaiche a thiontú ina móinéir bláthanna fiáine breise i bhfearann ár bpríomhfhoirgnimh

trí fheachtas múscailte feasachta “Bóthar go Páras” a sheoladh: comórtas tarraingteach i measc réimsí gnó BCE

trí 100 printéir ar an urlár a bhaint ó fhoirgnimh BCE — thart ar 30% de na printéirí iomlána ar na hurláir

Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

Foghlaim tuilleadh

COSAINT AN CHOMHSHAOIL SA BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS IN INSTITIÚIDÍ EILE DE CHUID AN AONTAIS

Beartas comhshaoil

Sa bheartas seo, cuirtear sraith de bhearta soiléire ar fáil a chuidíonn linn feabhas a chur ar ár bhfeidhmíocht chomhshaoil agus ár lorg éiceolaíoch a íoslaghdú.

Léigh tuilleadh

Gnéithe coigilte fuinnimh inár bpríomhfhoirgneamh

Foghlaim cén chaoi a n-athchúrsálaimid fuinneamh, teas agus uisce báistí chun go mbeidh ár bhfoirgneamh chomh glas agus is féidir.

Léigh tuilleadh

Comhar idirinstitiúideach

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn na hinstitiúidí Eorpacha atá cláraithe le EMAS le chéile chun a lorg éiceolaíoch a laghdú.

Léigh tuilleadh

Gach leathanach sa rannóg seo