European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Céard iad na ceanglais maidir le cúlchistí íosta?

11 Lúnasa 2016 (nuashonraithe an 8 Samhain 2023)

Ceanglaítear ar bhainc an limistéir euro méid áirithe cistí a choinneáil ina gcuntais reatha sa bhanc ceannais náisiúnta (BCN) lena mbaineann sa Eurochóras. Tugtar cúlchistí íosta ar na cistí sin. Socraítear ceanglais maidir le cúlchistí íosta na mbanc le haghaidh tréimhse sé nó seacht seachtaine agus tugtar an “tréimhse chothabhála cúlchistí” uirthi. Roimh thús gach tréimhse cothabhála cúlchistí, ríomhtar ceanglais maidir le cúlchistí íosta na mbanc mar 1% de dhliteanais shonracha ar a gcláir chomhardaithe — taiscí custaiméirí agus urrúis fiachais a bhfuil aibíochtaí suas le dhá bhliain acu den chuid is mó.

Ní mór do na bainc a chinntiú go gcomhlíonann meánleibhéal na gcúlchistí ar a gcuntas reatha a gceanglais maidir le cúlchistí íosta le linn na tréimhse chothabhála. Dá bhrí sin, ní gá do na bainc méid beacht na gcúlchistí íosta a choinneáil ar feadh na tréimhse cothabhála, rud a chuireann ar a gcumas freagairt d’athruithe gearrthéarmacha sna margaí airgid trí chistí a chur lena gcúlchistí nó aistarraingt astu. Tríd an bpróiseas sin, déantar rátaí an mhargaidh airgid a chobhsú freisin. Foilsítear iomlán chúlchistí íosta na mbanc sa limistéar euro go laethúil sa rannán anailíse leachtachta ar ár suíomh gréasáin.

Ag deireadh na tréimhse cothabhála, íocann bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) an limistéir euro ús ar na cúlchistí íosta a choinníonn bainc leo. Go dtí mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí an ráta úis a íocadh cothrom leis an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin. Laghdaíodh é ansin go dtí an ráta saoráide taisce, sular socraíodh ag 0% i mí Iúil 2023 é. Faoi na rialacha reatha, íoctar na cistí go léir ar chuntais reatha na mbanc a sháraíonn na ceanglais maidir le cúlchistí íosta ag 0% nuair a bhíonn an ráta saoráide taisce os cionn 0%, agus ag an ráta saoráide taisce nuair atá sé faoi bhun 0%.

Mura gcomhlíonann na bainc a gceanglais maidir le cúlchistí íosta, tá cumhachtaí ag an mBanc Ceannais Eorpach faoi dhlí an Aontais pionós a fhorchur atá ag teacht leis an easnamh. Tá go leor cúiseanna éagsúla ann go bhféadfadh sé go dteipfeadh ar bhainc a gceanglais maidir le cúlchistí íosta a chomhlíonadh, ar minic iad a bheith nasctha le hearráidí teicniúla nó oibríochtúla seachas easpa sealúchais fhoriomlána cistí leis an mBanc Ceannais Náisiúnta. Is féidir le bainc cistí a choinneáil i gcuntais nach cuntais reatha iad, sa tsaoráid taisce mar shampla. Dá bhrí sin, ní gá go gciallódh sárú ar cheanglais maidir le cúlchistí íosta nach raibh dóthain cistí ag banc.

FÉACH FREISIN

Faigh tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar

Tuilleadh eolais

Cúlchistí íosta